Seo Árainn Mhór Logo

Seo Árainn Mhór atá le teacht: Aip shoghluaiste leis an eolas uilig a bheadh uait agus tú ag taiscéaladh ar an oileáin is fearr i nDún na nGall.

Sínigh isteach Cuardaigh

Seo Árainn Mhór

Is aip do Android agus iOS é Seo Árainn Mhór atá deartha agus forbartha ar oileán Árainn Mhór le cuspóir amháin:

Caidé an bealach is fearr atá ann do dhaoine idir oileánaigh agus cuairteoirí, eolas a fháil faoi Árainn Mhór?

So, here it is, a mobile app chock-filled with pages from your favourite Co. Donegal island.

Mar sin, seo é, aip shoghluaiste atá líonta le leathanaigh ón oileán is fearr i gCo. Dhún na nGall. Tá leathanaigh againn do ghnóthaí uile an oileáin, uaireanta oscailte, grianghraif agus imeachtaí is déanaí. Idir cadhcáil agus rothaíocht go turais threoraithe agus ceol traidisiúnta. Déan cuardach ar a bhfuil uait ar léarscáil an oileáin, ag baint úsáide as cóid QR nó seiceáil féilire an oileáin.

Íoslódáil an aip inniu, má tá tú ar an oileán nó i gcéin ag smaointiú fuithí, is féidir taitneamh a bhaint as scéalta an oileáin nó do chuid féin a roinnt!

Tá súil againn go bhfreagraíonn aip Seo Árainn Mhór na ceisteanna faoi:

  • Rudaí le déanamh in Árainn Mhór?
  • Cá bhfanfaidh tú in Árainn Mhor?
  • Áiteanna le feiceáil ar Oileán Árainn Mhór?

Cé muid?

TIs comh-thionscnamh é an aip seo idir grúpaí pobail Oileán Árainn Mhóir:

Chun níos mó a fhoghlaim, tabhair cuairt ar ár leathanach "Cé muid?" áit a bhfaighidh tú ár láithreáin ghréasáin agus sonraí teagmhála freisin.

Seo Árainn Mhór

Is aip do Android agus iOS é Seo Árainn Mhór atá deartha agus forbartha ar an oileán, le cuspóir amháin - an t-eolas is déanaí a thabhairt do dhaoine, idir oileánaigh agus chuairteoirí, faoi Árainn Mhór, seoid Thír Chonaill

Arranmore Ferry Mobile App, available on Android and iOS