Who We Are | Cé muid?

Is aip é Seo Árainn Mhór atá deartha agus forbartha ar an oileán. D’obair cúpla grúpa pobail le chéile chun an tionscnamh seo a chur i gcrích.

The Seo Árainn Mhór app is a project that's been devised, developed and produced on the island of Arranmore between several different community groups.

Comharchumann Oileán Árainn Mhór

Is comharchumann fad-bhunaithe é Comharchumann Oileán Árainn Mhór, atá ag freastal ar phobal Árainn Mhór ó bhí 1976 ann. Tá an Comharchumann á mhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta faoi Scéim na gComharchumann Gaeltachta. Ta clár oibre leathan forbartha pobail a chur i bhfeidhm ag an Chomharchumann ar a n-áirítear reáchtáil stór crua earraí, reáchtáil baile saoire & áiseanna spóirt, reáchtáil Cultúrlann, Caifé & seirbhísí do thurasóirí, cúrsaí oiliúna agus go leor eile – clár oibre atá faoi chúram bainisteoir an Chomharchumainn a fheidhmíonn faoi stiúir coiste bainistíochta an Chomharchumainn. Lena chois sin ceapadh an Comharchumann mar Cheanneagraíocht Pleanála Teanga in 2014. Ullmhaíodh plean teanga agus ceapadh Oifigeach Pleanála Teanga i mí Mheán Fómhair 2019 leis an phlean teanga a chur i bhfeidhm.

Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo. is a long-established co-operative serving the community of Árainn Mhór since 1976. The co-operative is funded by Údarás na Gaeltachta under Scéim na gComharchumann Gaeltachta. The co-operative has a broad community development work programme including running a hardware store, holiday homes and sports facilities, running a cultural centre, café & tourism services, delivering training courses – the work programme is managed by the Co-op manager under the guidance of An Comharchumann Board of Management. In addition Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo. was appointed as language planning lead organisation on the island in 2014. A Language plan was prepared and a language planning officer was appointed in September 2019 to implement the plan.

https://arranmoreisland.ie/

Pleanáil Teanga Árainn Mhór

Tá sé mar aidhm ag an gcoiste stiútha pleanála teanga an Ghaeilge a chur chun cinn agus í a dhéanamh níos feiceálaí ar an oileán. Trí obair an choiste bíonn ranganna Gaeilge, imeachtaí, agus tacaíochtaí do ghrúpaí pobail chun an Ghaeilge a chur chun cinn i ngach gné de shaol an oileáin.

Pleanáil Teanga Árainn Mhór is the Irish language planning organisation on the island of Árainn Mhór. The aim of the language planning committee is to promote the Irish language and make it more visible on the island. Through the work of the committee there are Irish classes, events, and supports for community groups in increasing the amount of Irish used in all aspects of island life.

http://ptarainnmhor.ie/

CFFAM Árainn Mhór

Is é cuspóir Comharchumann Forbartha & Fostaíochta Oileán Árainn Mhór (CFFAM) ná aird a tharraingt ar na dúshláin a théann i bhfeidhm ar oileánaigh Árainn Mhór, agus eolas agus comhairle a thabhairt ar scéimeanna éagsúla atá ar fáil d’oileánaigh. Bíonn muid ag freastal ar riachtanais an phobail trí leas oideachasúil, cultúrtha agus eacnamaíoch phobal oileán Árainn Mhór a chur chun cinn.

CFFAM's mission is to highlight issues that affect the islanders of Arranmore, and the provision of information and advice on various assistance schemes available to islanders and inform them of current and future developments on the island. To serve the needs of the community by the promotion of educational, cultural and economic welfare of the whole community of the island of Arranmore and in this regard to establish, maintain and operate the Arranmore Island Development & Employment Co-Op so as to serve the needs of the community.

https://madeinarranmore.com/

Thank You To Everyone Else!

Is togra pobail é seo agus is iomaí duine a roinn smaointe agus eolas linn agus an aip á cruthú. Ní féidir gach duine de na daoine sin a ainmniú anseo, ach tá muid iontach buíoch as an tacaíocht a thug sibh don togra seo.

We've been building this project on the island seeking ideas and contributions from lots of individuals on the island, there are too many to name, but you know who you are. Thank You!